TRAENÁIL NA NOIFIGEACH

Traenáil na nOifigeach

Mar gheall ar srian ar thaistil agus sluaite, beidh na hOifigigh Ghaeilge dara leibhéal á reáchtáil ar líne againn i mbliana.

Beidh sé ar siúl ar dhá dháta éagsúla:

Aoine 6 Samhain 12:00 - 15:30 agus Aoine 13 Samhain 17:00 - 20:30

Is deis iontach í an traenáil bualadh le daoine eile a bhfuil suim acu i gcursaí na Gaeilge agus eile.

Reáchtáilfear ceardlanna éagsúla ar an lá bainteach le réimsí éagsúla den teanga:

- Conas an Ghaeilge a chur chun cinn i do scoil
- Conas deileáil le tuairimí diúltacha i dtaobh na Gaeilge de
- Conas imeachtaí a eagrú/reáchtáil i do scoil/ceantar (nó ar líne!) do Sheachtain na Gaeilge
- neart eile

3.png


Moltar suas go triúr ón scoil a chur chuig an traenáil, ach níl aon teorann ar an líon daltaí gur féidir freastal air. 

Beidh briseadh leath uair a chloig le linn an tseisiúin. 

Is féidir clárú anseo: bit.ly/traenail2020

Tá an traenáil seo á reáchtáil againn i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge agus tá roinnt eolais ar an suíomh s'acu! cnag.ie