COISTE GNÓ NA NDALTAÍ

Coiste Gnó na nDaltaí

Oibríonn an Coiste Gnó na nDaltaí ar son an ADIÉ gach lá. Is grúpa iad a dheánann ionadaíocht phoiblí ar an eagraíocht. 

Bíonn siad tofa ag an gComhdháil, agus bíonn jab éagsúil acú uile. 

Is iad na jabanna seo ná:


Uachtarán 

Caitlin Faye Maniti

Dia Daoibh, Caitlin Faye Maniti is ainm dom agus m'fhorainmeacha ná sí/í. Tá an-áthas orm a bheith mar Uachtarán Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann i mbliana.

Tá mé ocht mbliana déag daois agus tá mé i mo chónaí i nDún na nGall. Thosaigh mé ag oibriú leis an Aontas i 2020 nuair a toghadh mé i m'Oifigeach Réigiúnach. Ghlac mé páírt i roinnt grúpaí oibre cosúil leis an ngrúpa forbairt inbhuanaithne agus an grúpa ar son an Chumársáid Dhigiteach.

Tá dualgais orm mar Uachtarán an Aontais a bheith mar ionadaí an Aontais. Beidh mé i dteagmháíl le páírtí leasmharaí éagsúla, le haireachtaí rialtais éagsúla, agus leis na na meáin náisúnta chun ionadaíocht a dhéananmh ar do smaointe agus do thuairimí. Beidh an Coiste Gnó faoi mo stiúir i mbliana agus beidh mé i mo chathaoirleachti gcruinnithe an Choiste . Tá mé ag tnúth go mór leis an mbliain atá romhainn agus an obair ar fad atá le teacht. Tá súil agam leasaithe ar Scrúdaithe na hArdteistiméireachta a bhaint amach agus dea-úsáid a bhaint as suíochán an Aontais ar an NCCA. Is mise an chéad Uachtarán de dhath san Aontas agus dá bharr ceapaim go bhfuil sé tharr a bheith tábhachtach go ndéanfar ionadaíocht ar chuile dalta, beidh ócáidí agus achmhainní ar chur ar fáil agam i rith na bliana agus beidh siad insroichte do gach uile dhuine.


Pronouns: sí/í

Contact: president@issu.ie

Twitter: @ISSU_President

Leas-Uachtarán 

Heather Doyle

Pronouns: sí/í

Contact: deputy@issu.ie

 

Rúnaí 

Andrew Victory

Haigh A Chairde, Andrew Victory is ainm dom agus is mise Rúnaí an Aontais i mbliana!

Tá mé ag súil go mór le Guth na ndaltaí a chothú , a chosaint agus a spreagadh. Tá mé ocht mbliana déag d’aois agus tá mé i mo chónaí i gContae Lú. Tá an-suim agam i gcúsaí polataíóchta, ceoil, Stair agus Gníómhaíocht na nÓg. Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall chun tuairimí agus smaointe daltaí na tíre a spreagadh agus fadhbanna na ndaltaí a réiteach. Ba bhrea liom a thuilleadh oibre a dhénamh ar an an nGrúpa Oibre Vótáíl ag 16 agus eolas insroichte a chur ar fáil. Tá mé ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn!

Pronouns: sé/é

Contact: secretary@issu.ie

Oifigeach Oideachais 

Jack McGinn

Dia Daoibh, Jack McGinn is ainm dom agus is mise an tOifigeach Oideachais ar an gCoiste Gnó i mbliana. Tá mé i mo chónaí i gCathair Luimnigh agus beidh mé sa Chuigiú Bliain i mí Mheán Fómhair.

Tá dualgais orm mar Oifigeach Oideachais an Aontais mo sheacht ndícheall a dhéanamh chun ionadaíocht a dhéanamh ar smaointe na ndaltaí i leith an Chóras Oideachais. Ba mhaith liom Athbhreithniú  a dhéanamh ar an tSraith Shinsearach agus obair a dhéanamh le páirtí leasmhara oideachais éagsúla maidir leis an bhfadhb seo. Beidh obair ar siúl agam chun Athbhreithníu a bhaint amach ar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach i rith na bliana.

Beidh a lán oibre ar siúl agam chun ionadaíócht a dhéánamh ar dhaltaí na tíre agus dá bharr ba bhrea liom dá mbeadh sibh i dteagmháí liom ag education@issu.ie

Pronouns: sé/é

Contact: education@issu.ie

 

An t-Oifigeach Tacaíochta agus Ceangail Réigiúnach

Mohammad Naeem

Dia daoibh, Mohammad Naeem is ainm dom agus toghadh arís mé i m’Oifigeach Ceangail agus Tacaíochta Réigiúnach i mblaina. Tá mé seacht mbliana d’aois agus freastlaim ar Choláiste Naomh Colman i gContae Mhaigh Eo.

Tá dualgais orm súil a choiméad ar na hOifigigh Réigiúnaigh. Bíonn a lán oibre ar siúl agam chun AIDÉ a scaipeadh agus a spreagadh ar fud na tíre. Cabhraím leis na hOifigigh Réigiúnaigh chun Comhairlí Réigúnach a eagrú agus a chur ar fáil ina gceantair. Beidh mé féin agus na hOifigigh Réigiúnaigh ag cruthú ‘ Google Chat Rooms’ i rith na bliana le hionadaí Scoile agus d’aon dhalta atá suim acu san Aontas.

Tá an-athas gur toghadh arís mé agus támé ag súil go mór leis an mbliain agus an dea-oibre a dhéanfaidh me féin, an Coiste, na hOifigigh Réigiúnaigh agus Daltaí na Tíre.

Pronouns: sé/é

Contact: rlso@issu.ie

Oifigeach Leasa

Anjelica Foley

Dia Daoibh! Anjelica is ainm dom agus is mise Oifigeach Leasa an Choiste i mblaina. Tá mé ocht mbliana déag d’aois, is Swiftie mé agus tá mé i mo chónaí i gContae Chill Mhantáin.

Bhí mé mar bhall den ghrúpa oibre ar son an Oideachais agus tá mé tar éis roinnt oibre a dhéanamh ar mheabhair shláínte agus leasa le heagraíochtaí éagsúla.

Tá dualgais orm mar Oifigeach Leasa an Aontais leasa agus meabhair sláínte na ndaltaí a chaomhnú. Geallaim go gcuirfidh mé aiseanna agus tacaíócht ar fáil do gach éinne. Tá mé chun grúpaí oibre agus suirbhéanna a chur ar fáil é seo a bhaint amach. Beidh obair ar siúl agam leis n gCoiste Gnó iontach, na hOifigigh réigiúnaigh agus ionadaí an Aontais chun obair a dhéanamh ar na fadhbanna a ghabhann le OCG, anás míosta agus meabhair sláinte.

Bí i dteagmháíl liom ag welfare@issu.ie má tá ceist ar bith agat agus bí ag féachaint ar na meáín shóisialta chun a thuilleadh eolas a fháil!

 Tá mé ag tnúth go mór leis an mbliain atá romhainn!

Pronouns: sí/í

Contact: welfare@issu.ie

 

Oifigeach Chomhionannais 

Rebecca Livingstone

Dia Daoibh, Rebeccca Livingstone is ainm dom, Tá mé seacht mbliana déag d’aois agus is mise Oifigeach Comhionannais an Choiste.

Tá a lán spriocanna agam, tá mé chun dul i dteagmháil le daltaí ar fud na tíre, go háirithe daltaí na tuaithe. Tá mé chun acmhainn a chruthú agus a chur ar fáil a mhúnfaidh daoibh conas is féidir libh Coiste Éagsúlacht a bhunú i bhur scoileanna chun fadhbanna cosúil le neamhionnanasmar shampla a phlé agus a chur os comhair Comhairle na nDaltaí nó an Bord Bainistíochta. Beidh obair ar siúl agam chun Athbhreithniú ar an gCúrsa Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) a bhaint amach , Oideachas Gnéasachta LADTI+ a scaipeadh, obair a dhéanamh ar anás míosta, obair a dhéanamh le Muintir an Lucht Taisteal agus beidh mé i dteagmháil le roinnt eagraíochtaí comhionnanas timpeall na tíre

Pronouns: sí/í

Contact: equality@issu.ie

Oifigeach Idirnáisiúnta 

Shari Irfan

A Chairde! Shari Irfan is ainm dom agus is mise an tOifigeach Idirnáisiúnta ar an gCoiste Gnó i mbliana. Tá mé seacht mbliana déag d’aois agus tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath.

Tá dualgais orm mar Oifigeach Idirnáísiúnta an Aontais a bheith mar ionadaí an Aontais thar lear agus a bheith mar ionadaí na ndaltaí idirnáisúnta atá ina gcónaí sa bhaile. Beidh obair ar siúl agam le OBESSU chun a tógraí OBESSU a chur i bhfeidhm anseo in Éirinn agus beidh mé ag oibriú in éineacht le daltaí idirnáisúnta chun spriocanna éagsúla a bhaint amach.

Ba mhaith liom grúpa oibre a bhunú do dhaltaí idirnáisúnta agus daltaí ar de chúlra na n-imirceach iad agus obair a dhéanamh le hAontais ar fud an domhain cosúil le AASU. Ba mhaith liom fadhbanna aon éinne ata ina gcónaí i soláthar díreach a chloisteáíl agus déanfaidh mé mo sheacht nícheall dul i ngleic leis na fadhbanna seo. Ta mé ag súíl go mór leis an obair ar fad atá le teacht anseo in Éirinn agus thar lear!.

Pronouns: sé/é

Contact: international@issu.ie

 

Oifigeach na Cumarsáide 

Aoibhín Ní Gleasáin

Dia Daoibh, Aoibhín Ní Gleasáin is ainm dom, Tá mé seacht mbliana déag d’aois agus tá mé i mo chónaí i Loch Garman. Thosaigh mé ag oibriú leis an Aontas san Idirbhliain mar Ionadaí Scoile, ansin toghadh mé i m’oifigeach réigiúnach agus anois tá mé mar Oifigeach Cumarsáide an Aontais.

Beidh fórmhór na hoibre a bheidh ar siúl agam bainteach le Meáin Shóisialta an Aontais. Déanaim uasdátú ar an suíomh idirlíne agus ar na meáin shósialta agus tá mé i bhfeidhil ar feachtais, ábhar, agus foilsithe an Aontais.

Bí ag féachaint ar ár gcúntais Instagram, Twitter, Tik Tok, Facebook agus ár suíomh Idirlíne chun teacht ar eolas faoin gCoiste agus faoin Aontas

Pronouns: sí/í

Contact: communications@issu.ie

Oifigeach na Gaeilge

Gráinne Ní Ailín

Dia Daoibh, Gráinne Ní Ailín is ainm dom agus beidh mé mar Oifigeach na Gaeilge i mbliana. Ba mhaith liom athbhreithniú a dhéanamh ar Chúrsa Gaeilge na hArdteiste agus an Teastas Shóisirigh, grúpaí oibre agus Traenáil na nOifigeach le Conradh na Gaeilge a chur ar fáil agus ábhair an Aontais a chur ar fáil trí Ghaeilge i mbliana. Tá súil agam go mbeidh an Aontas go huile is go hiomlán mar Aontas dátheangach agus go mbeidh gach Meánscoil agus Gaelcholáiste mar bhall den Aontas.
Pronouns: sí/í

Contact: gaeilge@issu.ie

Twitter: @ISSU_Gaeilge

 

Oifigeach Inbhuanaitheachta

Jamie Mac Ghiolla Bháin

Dia daoibh! Jamie Mac Giolla Bháin is ainm dom agus is mise an tOifigeach Inbhuanaitheacha d’Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann! Tá mé seacht mbliana déag d'aois agus beidh mé ag freastal ar an Ollscoil i mBaile Átha Cliath i Mí Mhéan Fómhair. Tá mé i mo chónaí i gContae Muineachán agus is breá liom obair a dhéanamh don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Ceartas Aeráide. Ba bhreá liom daltaí a spreagadh chun obair a dhéanamh don Fhorbairt Inbhuanaithne. Beidh cruinnithe ar siúl agam i rith na bliana agus ba bhrea liom ocáid réígúnach amháin a chur ar fáíl i ngach réígiún chun daltaí a mhuascailt agus a spreagadh i dtreo athruithe agus obair a dhéanamh don Fhorbairt Inbhuanaithe. Beidh grúpa oibre don Fhorbairt Inbhuanaithne ar chur ar fáil agam do dhaltaí na tuaithe ionas go mbeidh siad in ann obair a dhéanamh ar na fadhbanna a bhaineann go mór leo. Ba mhaith liom daltaí a spreagadh chun i dtreo athruithe móra a dhéanamh ina gceantair féin. Geallaim go gcuirfidh mé athruithe i bhfeidhm. Tá mé chun oideachais agus acmhainní a chur ar fáil do gach éinne. Mar a deir an seanfhocal, Ní neart go cur le chéile!

Pronouns: sé/é

Contact: sustainability@issu.ie

Oifigeach an Mhíchumais

Eva Grace

Dia Daoibh! Éabha Ní Ghrás is ainm dom agus is mise Oifigeach Mhíchumais an Choiste i mbliana. Is dalta sa chúigiú bliain mé agus tá mé i mo chónaí i gContae na Mí. Mar Oifigeach Mhíchumais an Aontais tá mé mar Ionadaí gach dalta atá faoi mhíchumas. Sprioc atá agam ná go mbeeadh gach Méánscoil ar fud na tíre insriochthe do gach éinne, le sin tá mé chun eolas agus tuiscint faoi mhíchumas a spreagadh insan Aontas. Bí i dteagmháíl liom ag disability@issu.ie má tá ceist ar bith agat!

Pronouns: sí/í

Contact: disability@issu.ie

 

Uachtarán Oinigh

Emer Neville

Pronouns: sí/í

Contact: honorary@issu.ie