ADIÉ | Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann

View Original

RÁITEAS ADIÉ: Cuireann Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann Fáilte roimh na hAthruithe atá Molta do na Scrúdaithe Stáit 2023

Cuireann Aontas Daltaí Iar- Bhunscoile na hÉireann (ADIÉ) fáilte roimh Ráiteas an Aire Oideachais Norma Foley maidir leis na hAthruithe do na Scrúdaithe Stáit 2023 

Beidh athruithe cosúil leis na hathruithe a fógraíodh i Lúnasa 2021 i bhfeidhm mar gheall ar na deacrachtaí a ghabh leis an bPaindéim Covid-19.

Deir Uachtarán Aontas Daltaí Iar- Bhunscoile na hÉireann ‘ Cuireann ADIÉ fáilte roimh fhógra an Aire Oideachais Norma Foley maidir leis na hAthruithe do na Scrúdaithe Stáit 2023. ” Tá an- áthas orainn go bhfuil an t-eolas seo ag Rang 2023 ag tús na bliana. Thacaigh ADIÉ leis na hathruithe seo agus d’ aontaigh na páirtithe leasmhara oideachais leo. Beidh daltaí na tíre anois in ann dul isteach ar scoil ar an Luan leis an eolas seo faoi na scrúdaithe a chabhróidh go mór leo” ’ 

Deir Oifigeach Oideachas ADIÉ Jack McGinn “ Tá an-áthas ar Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann tacú leis an nGrúpa Monatóireachta do na Scrúduithe Stáit 2022 tar éis an sár-oibre a rinnedar i 2020 agus 2021 maidir leis na fadhbanna a ghabh le Covid-19 ar scoil. Cabhróidh na hathruithe seo go mór le daltaí ar fud na tíre agus gabhaimid buíochas leis an Aire Oideachais Norma Foley, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Coimisiún na Scrúdaithe Stáit agus na Páirtithe Leasmhara a chur na hathruithe seo i bhfeidhm a chabhróidh go mór le Rang na hArdteiste agus an Teastas Shóisearach 2023

 

Beidh a thuilleadh eolais faoi na hathruithe seo ar fáil i gceann cúpla seachtaine. Guíonn Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann ádh mór ar dhaltaí na hArdteiste 2022 a bhfuair a dtorthaí inniu. Tá tacaíocht ar fáil do dhaltaí ag https://www.issu.ie/help